An Cur Chuige Molta maidir leis an bPlean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála

Oscailte22 D.F, 2026, 09:00 - 17 Nol, 2026, 23:59
Image of Rathvilly Reed beds


Leagfar amach, leis an bPlean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála, na boinn straitéiseacha le haghaidh pleanáil fuíolluisce sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2055.

Tá ár gcéad phlean straitéiseach náisiúnta á fhorbairt againn do na córais fuíolluisce phoiblí uile. Tríd an bPlean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála (PNFUD) cuirfear creat fianaisebhunaithe, fadtéarma ar fail a bheidh comhsheasmhach ar bhonn náisiúnta chun tuiscint a fháil ar fheidhmíocht reatha, rioscaí amach anseo a mheasúnú agus riachtanais phleanála agus infheistíochta sa todhchaí a shainaithint go dtí 2055.  

Cén fáth a bhfuil an Plean seo á fhorbairt againn?

Feidhmíonn an córas fuíolluisce poiblí i dtimpeallacht atá ag éirí níos casta. Éilítear leis na dúshláin sin cur chuige i leith pleanála atá níos straitéisí, níos fadtéarmaí agus níos comhsheasmhaí ar bhonn náisiúnta.

Bailíonn agus cóireálann Uisce Éireann, mar sholáthraí náisiúnta seirbhísí uisce phoiblí na hÉireann, os cionn 1.2 billiún lítear fuíolluisce gach lá sula gcuirtear ar ais go sábháilte sa timpeallacht é. Tá sé ríthábhachtach go soláthrófaí seirbhísí fuíolluisce sábháilte, slána agus inbhuanaithe chun an tsláinte phoiblí a chosaint, chun tacú le tithíocht agus fás eacnamaíoch, agus chun timpeallacht uisce agus acmhainní nádúrtha na hÉireann a chosaint.

D’fhonn treochtaí sa todhchaí agus riachtanais a athróidh a shásamh, tríd an PNFUD cuirfear creat inoiriúnaithe, fianaisebhunaithe, comhsheasmhach ar fáil le haghaidh na hathruithe sin a mheasúnú, tuiscint a fháil ar rioscaí amach anseo agus riachtanais fhadtéarma a shainaithint maidir le pleanáil agus infheistíocht.

Príomhchéimeanna an PNFUD

Príomhchéimeanna an PNFUD. Cur Chuige Molta agus Comhthéacs Straitéiseach  Bailiú Sonraí  Measúnú Riosca  Saintréithriú fadhbanna  Measúnú ar Fhorbairt Roghanna  Measúnú Cláir  Tuairisciú agus Athbhreithniú

Táscairí Feidhmíochta Molta

Tá táscairí feidhmíochta ina gcuid  bharrthábhachtach den chur chuige molta. Cabhróidh siad linn tuiscint a fháil ar fheidhmíocht na seirbhísí fuíolluisce sa lá atá inniu ann, rioscaí reatha agus rioscaí amach anseo a shainaithint, agus cinntí a dhéanamh faoi áiteanna ina bhféadfadh feabhsúcháin agus infheistíocht a bheith ag teastáil amach anseo.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil ar na táscairí sin agus conas a úsáidfear iad, féach Bileog Eolais na dTáscairí Feidhmíochta.
 

IR_Figure_8.rev03.png


Cad faoi a bhfuilimid ag dul i gcomhairle?

Seo an chéad chéim fhoirmiúil den chomhairliúchán poiblí maidir leis an PNFUD.

Tá do chuid tuairimí á lorg againn maidir leis na nithe a leanas:

  • na dúshláin, na deiseanna agus na treochtaí sa todhchaí a rachadh i bhfeidhm ar an bPlean;
  • an cur chuige molta le haghaidh an PNFUD a fhorbairt;
  • na Táscairí feidhmíochta atá molta;
  • raon feidhme agus modheolaíocht na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta; agus
  • conas ba cheart d’Uisce Éireann cumarsáid agus teagmháil a dhéanamh de réir mar a fhorbrófar an Plean.

Tá aiseolas á lorg againn freisin faoi raon feidhme beartaithe na Measúnachta Straitéiseach Timpeallachta (MST), rud a thabharfaidh deis do dhaoine tionchar a bheith acu ar an gcaoi a ndéantar seirbhísí fuíolluisce a phleanáil agus a sholáthar amach anseo. Leis an aiseolas, déanfar eolas d’ullmhú an Dréachtphlean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála agus do na measúnachtaí timpeallachta a ghabhann leis. Tá ceisteanna mionsonraithe san áireamh i gCuid 1.8 (Comhairliúchán) den Tuarascáil Measta Scóipe MST.   

Doiciméid Chomhairliúcháin

Is féidir na doiciméid chomhairliúcháin a fheiceáil agus a íoslódáil: 

Tréimhse an Chomhairliúcháin

Ar Oscailt: 22 Deireadh Fómhair 2026 ag 9:00 r.n.
Ag Dúnadh: 17 Nollaig 2026 ag Meán Oíche.

Cuir do Thuairimí in Iúl

Molaimid duit na doiciméid chomhairliúcháin a athbhreithniú sula ndéanfaidh tú aighneacht. 

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh:

Ar Líne: ar an tairseach chomhairliúchán seo tríd an nasc ‘Cuir Aighneacht isteach’ a úsáid, nasc atá ar fáil ar an leathanach seo.

Tríd an Ríomhphost: NWWDP@water.ie 

Tríd an bPost: Plean Náisiúnta Fuíolluisce agus Draenála, Uisce Éireann, Bosca Oifig Phoist 860, Oifig Sheachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí.

 

Aighneachtaí

Ceisteanna

1. Ar shainaithníomar na príomhdhúshláin na príomhdheiseanna agus na príomhthreochtaí amach anseo ar cheart dóibh tionchar a imirt ar pleanáil do fuíolluisce agus draenála in Éirinn go dtí 2055? An bhfuil aon cheisteanna suntasacha ann ar cheart aird níos mó a thabhairt orthu?
2. An bhfuil aon tuairimí agat maidir leis an gcur chuige molta chun an PNFUD a fhorbairt lena n-áirítear úsáid a bhaint as cinnteoireacht fianaise-bhunaithe pleanáil oiriúnaitheach agus measúnú riosca fadtéarmach?
3. An gceapann tú gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na Táscairí Feidhmíochta atá beartaithe: tá siad soiléir agus intuigthe; tá siad fiúntach agus intomhaiste; agus tá siad oiriúnach chun feidhmíocht fhadtéarmach fuíolluisce agus draenála a mheasúnú?
4. An measann go bhfuil aon Táscairí Feidhmíochta eile ann atá oiriúnach chun feidhmíocht fhadtéarmach an chórais fuíolluisce agus draenála a mheas?
5. An bhfuil aon bharúlacha agat maidir le raon feidhme molta agus modheolaíocht na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta, lena n-áirítear na saincheisteanna, na brúnna agus na leochaileachtaí timpeallachta ar cheart iad a bhreithniú?
6. Cén dóigh ar mhaith leat go ndéanfadh Uisce Éireann cumarsáid agus caidreamh le páirtithe leasmhara de réir mar a rachaidh an PNFUD ar aghaidh?
Glac síntiús