Draft Galway Wastewater Strategy

Oscailte28 Bea, 2026, 09:00 - 24 Iúil, 2026, 00:00

Primary tabs

Comhairliúchán Poiblí maidir le Dréachtstraitéis Fuíolluisce na Gaillimhe

Tá cuireadh á thabhairt ag Uisce Éireann do bhaill den phobal, grúpaí pobail, gnóthaí, ionadaithe tofa agus páirtithe leasmhara chun aiseolas a chur ar fáil maidir leis an Dréachtstraitéis agus na tuarascálacha comhshaoil gaolmhara.

Tá an Dréachtstraitéis á foilsiú in éineacht le Tuarascáil Chomhshaoil na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN).

Beidh an comhairliúchán poiblí ar siúl idir an Déardaoin, an 28 Bealtaine agus an Déardaoin, an 23 Iúil 2026.

Is garsprioc thábhachtach é foilsiú na Dréachtstraitéise san iarracht a chinntiú gur féidir le bonneagar cóireála agus gréasáin fuíolluisce na Gaillimhe tacú le fás go hinbhuanaithe, an timpeallacht a chosaint agus teacht aniar in aghaidh an athraithe aeráide a threisiú idir seo agus 2040, 2055 agus 2080.  

I gCreat Náisiúnta Pleanála 2040 aithnítear Gaillimh mar cheann de na ceantair uirbeacha is tapúla fáis in Éirinn le 50 bliain anuas agus mar phríomhthiománaí forbartha in Iarthar na hÉireann. Meastar go méadóidh daonra na hÉireann thart ar 40% idir 2022 agus 2040. Cuireann an leibhéal fáis seo níos mó brú ar an mbonneagar fuíolluisce atá ann faoi láthair chun freastal ar an éileamh atá ar thalamh seirbhísithe nua chun tacú le tithíocht, forbairt tráchtála agus tionscal.

Nuair a bhí an Dréachtstraitéis á cur i dtoll a chéile rinneadh athbhreithniú ar an mbonneagar fuíolluisce agus gréasáin atá le fáil i gCeantar Cathrach na Gaillimhe (Cathair na Gaillimhe agus a bruachbhailte) i láthair na huaire chomh maith le Maigh Cuilinn agus Baile Átha an Rí.  I láthair na huaire, tá ceithre ionad cóireála fuíolluisce i gceantar an staidéir seo, ar Inis Caorach (Cathair na Gaillimhe), i mBaile Átha an Rí, Baile Chláir agus Maigh Cuilinn. 

image-20260526150345-2.jpeg

Príomh-mholtaí

Chun déileáil leis na dúshláin sin, moltar na príomhbhearta seo a leanas sa Straitéis:

  • Dul chun cinn ar Ionad Cóireála Fuíolluisce (WWTP) Réigiúnach nua do Ghaillimh Thoir chun freastal ar riachtanais chóireála fuíolluisce fadtéarmacha an limistéir staidéir agus chun acmhainn, athléimneacht agus cosaint chomhshaoil leordhóthanach a sholáthar go dtí 2080.
  • Feabhsuithe ar acmhainn chóireála ag Ionaid Cóireála Fuíolluisce Inis Caorach agus Bhaile Átha an Rí sa ghearrthéarma chun freastal ar éilimh an daonra. Tá sé beartaithe oibreacha a dhéanamh ar na hionaid seo laistigh de thimthriall infheistíochta 2040.
  • Nuair a dhéanfar an t-ionad Réigiúnach nua i nGaillimh Thoir a choimisiúnú, aistreofar ualaí de réir a chéile ó Inis Caorach agus ó Bhaile Átha an Rí chun brúnna ualaigh ar na hionaid atá ann cheana a laghdú agus an riosca rialála fadtéarmach a bhainistiú. Leanfaidh ionad Inis Caorach ar aghaidh de bheith ag feidhmiú ar acmhainn laghdaithe agus déanfar stáisiún caidéalaithe d’ionad Bhaile Átha an Rí chun ualach a aistriú chuig an ngléasra Réigiúnach nua i nGaillimh Thoir, agus
  • Coinneofar cóireáil dhíláraithe ag Ionaid Cóireála Fuíolluisce Mhaigh Cuilinn agus Bhaile Cláir agus beidh aon uasghráduithe amach anseo bunaithe ar réamh-mheastacháin i dtaobh fás daonra agus eacnamaíoch.

Déanfaidh forbairt WWTP Réigiúnach do Ghaillimh Thoir na nithe seo a leanas:

  • Atreorú an ualaigh fuíolluisce ó chuid thoir Chathair na Gaillimhe ar shiúl ó Ionad Cóireála Fuíolluisce Inis Caorach atá ann cheana féin a chumasú, rud a laghdóidh   an brú ar an mbonneagar atá ann cheana féin, a fheabhsóidh teacht aniar an chórais, agus a thacóidh le fás amach anseo ar bhealach inbhuanaithe, agus
  • Éascú a dhéanamh ar dhíchoimisiúnú Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhaile Átha an Rí atá ann cheana féin, agus sreabhadh fuíolluisce ó Bhaile Átha an Rí le caidéalú   chuig an WWTP Réigiúnach nua i nGaillimh Thoir, rud a chuirfidh réiteach fuíolluisce réigiúnach níos inbhuanaithe, níos éifeachtaí ar fáil, réiteach a bhfuil teacht aniar ann.

Samhlaítear sa Dréachtstraitéis go mbeidh Ionad Cóireála Fuíolluisce Réigiúnach Oirthear na Gaillimhe á fhorbairt, a bheidh deartha ar bhealach a thacóidh le forbairt de réir a chéile. Le himeacht ama, bheadh fuíolluisce ó cheantair straitéiseacha thart ar an gcathair á aistriú ó Ionad Cóireála Fuíolluisce Inis Caorach chomh fada leis an ionad réigiúnach nua. Bheadh Inis Caorach ag leanúint ar aghaidh ag glacadh le fuíolluisce agus á chóireáil ó cheantar níos lú amach anseo. Bheadh Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhaile Átha an Rí ag aistriú chun feidhmiú mar stáisiún caidéalúcháin fuíolluisce, agus bheadh gach sruth fuíolluisce á aistriú chomh fada leis an ionad nua.

Is é an aidhm atá leis na tograí a chinntiú go mbeidh bonneagar fuíolluisce ar fáil chun tacú le pobail i nGaillimh, bonneagar a éascaíonn forbairt eacnamaíoch agus réigiúnach, a chosnaíonn an timpeallacht agus a threisíonn teacht aniar in aghaidh an athraithe aeráide.

Is féidir breathnú ar na doiciméid chomhairliúcháin agus iad a íoslódáil ónár suíomh gréasáin www.water.ie/GWS

Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar aghaidh go dtí meán oíche, Déardaoin, an 23 Iúil 2026 ar na bealaí seo a leanas:

•  Ar líne: consult.water.ie 
•  R-phost: gws@water.ie 
•  Post: Uisce Éireann, Straitéis Fuíolluisce na Gaillimhe, 1 Páirc Gnó na Gaillimhe, Bóthar an Chaisleáin Nua Uachtarach, An Daingean, Gaillimh H91 A3EF

Chun cabhrú le páirtithe leasmhara chun aighneacht a dhéanamh mar chuid den chomhairliúchán seo, fáiltíonn Uisce Éireann roimh aiseolas maidir leis na ceisteanna seo a leanas; ach níl aiseolas teoranta do na ceisteanna seo, áfach:

  1. Cur Chuige Straitéiseach agus Roghanna Molta

Aithnítear i nDréachtstraitéis Fuíolluisce na Gaillimhe Ionad Cóireála Fuíolluisce Réigiúnach Nua Oirthear na Gaillimhe (ICFU) a fhorbairt, le dhá rogha éalaithe sceite ghaolmhara, mar an cur chuige straitéiseach molta.

Ar mhaith leat aon tuairim maidir leis an gcur chuige molta seo nó maidir leis an bpróiseas measúnaithe a úsáideadh chun na roghanna seo a aithint a roinnt linn?

  1. Modheolaíocht agus Measúnú Roghanna

I gCuid 5 agus i gCuid 10 de Dhréachtstraitéis Fuíolluisce na Gaillimhe leagtar amach an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an bonneagar fuíolluisce atá ann faoi láthair a mheas, riachtanais a bheidh ann amach anseo a aithint agus roghanna fuíolluisce straitéiseacha a fhorbairt agus a mheas do cheantar an staidéir.

An bhfuil tú ag iarraidh aon tuairim eile maidir leis an modheolaíocht seo a roinnt?

  1. Faisnéis nó Breithniúcháin Bhreise

Aon bhfuil aon cheist, faisnéis nó eolas áitiúil eile a shíleann tú ba cheart a chur san áireamh nuair a bhíonn Straitéis Fuíolluisce na Gaillimhe á forbairt?

  1. Cur Chun Feidhme na Straitéise

I gCuid 12 de Dhréachtstraitéis Fuíolluisce na Gaillimhe déantar cur síos ar an gcur chuige atá molta chun an Straitéis a chur chun feidhme.

An bhfuil tú ag iarraidh aon tuairim eile maidir le cur chun feidhme agus seachadadh beartaithe na Straitéise a roinnt?

  1. Measúnacht Timpeallachta

An bhfuil tú ag iarraidh aon tuairim maidir le Tuarascáil Chomhshaoil na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus an Ráiteas Tionchair Natura (RTN) atá in éineacht le Dréachtstraitéis Fuíolluisce na Gaillimhe a roinnt linn?

  1. Tuairimí Breise

An bhfuil tú ag iarraidh aon tuairim eile maidir le Dréachtstraitéis Fuíolluisce na Gaillimhe a roinnt linn?

Chun tacú leis an gcomhairliúchán, reáchtálfaidh Uisce Éireann seimineár gréasáin i rith thréimhse an chomhairliúcháin freisin. Beidh sonraí agus eolas maidir le conas clárú le fáil ar an suíomh gréasáin.

Déanfar an t-aiseolas ar fad a fhaightear a athbhreithniú agus a mheas nuair a bheidh bailchríoch á cur ag Uisce Éireann le Straitéis Fuíolluisce na Gaillimhe, atá le foilsiú in 2026 in éineacht leis an Ráiteas MST agus Measúnacht Chuí (MC).

 

Aighneachtaí

Téamaí

Cur Chuige Straitéiseach agus Roghanna Molta
Modheolaíocht agus Measúnú Roghanna
Faisnéis nó Breithniúcháin Bhreise
Cur Chun Feidhme na Straitéise
Measúnacht Timpeallachta
Tuairimí breise

Litir Chlúdaigh (Roghnach)

Glac síntiús