Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí

Oscailte22 Ean, 2026, 09:00 - 19 Fea, 2026, 17:00

Primary tabs

Photo of Ballincollig Riverview

Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí

 

Mar thoradh ar rath eacnamaíoch Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí, tá fás suntasach tagtha ar Chathair Chorcaí agus ar na ceantair máguaird. Tá sé beartaithe sa Chreat Náisiúnta Pleanála go mbeidh Corcaigh ar an réigiún is mó fáis in Éirinn le méadú réamh-mheasta 50% go 60% ar an daonra suas go dtí an bhliain 2040.

Mar thoradh ar an bhfás sin, tá dúshlán roimh an mbonneagar Fuíolluisce coinneáil suas leis an éileamh méadaithe ar thalamh nua le seirbhísí a theastaíonn le haghaidh tithíochta, forbraíochtaí tráchtála agus tionsclaíochta.

Tá sé mar aidhm ag Dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí straitéis inbhuanaithe draenála a chur i gcrích lena gcosnófar sláinte an phobail, lena gcosnófar ár dtimpeallacht agus lena n-éascófar fás i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí suas go dtí an bhliain 2080.

Tá Uisce Éireann tar éis tús a chur le comhairliúchán poiblí 8 seachtaine ar Dhréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí agus ar thuarascálacha timpeallachta gaolmhara, ar an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus ar Ráiteas Tionchair Natura (RTN).

Cad faoi a bhfuilimid ag dul i gcomhairle anois?

Shainaithin Straitéis Fuíolluisce Chorcaí 11 fho-abhantrach laistigh de Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí. Dá bharr sin bhíomar in ann cur chuige níos dírithe a ghlacadh, pleanáil go héifeachtach agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais, brúnna agus dúshláin ar leith a bhaineann le gach fo-abhantrach.

Tar éis sin, rinneamar imscrúdú ar conas a oibríonn na 26 Ionad Cóireála Fuíolluisce ar fud an limistéir laistigh de na fo-abhantrach faoi seach dá gcuid. Dhírigh an anailís seo ar dheiseanna barrfheabhsaithe a shainaithint. 

D’oibrigh saineolaithe ó réimsí éagsúla, amhail innealtóireacht, éiceolaíocht, hidreolaíocht, agus níos mó, le chéile trí cheardlanna agus trí phlé leanúnach chun gach rogha a phlé.   

Bunaíodh an próiseas Forbartha Straitéise agus Roghanna mar thoradh ar an iarracht chomhoibríoch seo, chun na réitigh draenála agus chóireála is éifeachtaí do Chorcaigh a shainaithint ar fud trí phríomhthréimhse pleanála: 2030 (gearrthéarmach), 2025 (meántéarmach), agus 2080 (fadtéarmach).

Lean an próiseas modheolaíocht struchtúrtha chúig chéim:

  • Riachtanais shuíomhoiriúnaithe a shainaithint
  • Sraith chuimsitheach roghanna a chruthú
  • Roghanna maidir le féidearthacht theicniúil agus timpeallachta a scagadh
  • Roghanna ar an ngearrliosta a mheas agus Measúnú Ilchritéar a úsáid
  • An straitéis is fearr a shainaithint bunaithe ar shamhaltú agus ar thuairimí páirtithe leasmhara

Cruthaíodh an cur chuige molta de bharr an chuir chuige mhionchúisigh seo – is creat straitéiseach é seo a chomhtháthaíonn na réitigh is oiriúnaí do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí ar an iomlán. Sainaithnítear ann na bearta roghnaithe chun acmhainn chóireála, éifeachtacht draenála, agus feidhmíocht fhoriomlán an líonra a fheabhsú.

Moltar sa dréacht-straitéis 16 ionad cóireála fuíolluisce níos lú a dhíchoimisiúnú, agus fuíolluisce á atreorú chuig saoráidí, láraithe níos mó. Leis an gcur chuige sin, cuirfear feabhas ar éifeachtacht oibríochta, cuirfear feabhas ar thorthaí timpeallachta, agus neartófar athléimneacht córais trí acmhainní agus bonneagar a chomhdhlúthú. Leis na réitigh a mholtar, cuirfear na réitigh chun cinn mar thograí aonair agus cuirfear in ord tosaíochta iad ar fud na trí thréimhse pleanála. Déanfar measúnú timpeallachta ar gach togra, más gá, a bhféadfadh Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT) agus Measúnacht Chuí (MC) a bheith i gceist leo, rud a chinnteoidh go gcomhlíonfar rialacháin timpeallachta agus ailíniú le spriocanna inbhuanaitheachta.

Achoimre ar an gCur Chuige Molta

Díchoimisiúin agus Aistrithe na nIonad Cóireála Fuíolluisce (ICFU) 
  • ICFU na Blarnan: Díchoimisiúnaithe; sreafaí a atreorú chuig ICFU Charraig Ghrianáin trí stáisiún caidéalúcháin agus trí phíblíne nua.
  • ICFU Inis Cara: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU na Blarnan.
  • ICFUnna Charraig na bhFear agus Ghreanaí: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU an Teampaill Ghil.
  • ICFU an Teampaill Ghil: Athraithe go stáisiún caidéalúcháin críochfoirt; sreafaí aistrithe chuig Líonra Chathair Chorcaí.
  • ICFU Chnoc Rátha: Díchoimisiúnaithe, sreafaí atreoraithe go Stáisiún Caidéalúcháin Dhroichead Ghleann Maghair.
  • ICFUnna Bhaile an Churraigh agus Lios Cúil Thuaidh: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU nua Lios Cúil Theas.
  • ICFU Sháilín: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU Chluana.
  • ICFU Chill na hOmnaí: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU nua Bhaile an Chollaigh.
  • ICFUnna Bhaile Garbháin, Dhroichead an Mhionnáin agus Halfway: Díchoimisiúnaithe; sreafaí atreoraithe chuig ICFU an tSeanbhaile.
  • ICFU na gCillíní: Díchoimisiúnaithe; ceangailte le Líonra Cathrach Chorcaí.
  • ICFU an Chóibh Thuaidh: Díchoimisiúnaithe; ceangailte le Líonra an Chóibh.
  • ICFU Chnocán na Biolraí: Díchoimisiúnaithe, aistríodh fuíolluisce go Stáisiún Caidéalúcháin Dhroichead Ghleann Maghair agus cóireáladh é in TwTP Charraig Ghrianáin.
Uasghráduithe ar Ionad Cóireála Fuíolluisce
  • Uasghrádú acmhainne ag na hIonaid Cóireála Fuíolluisce seo a leanas:
    • Acmhainn deiridh de 850CD ag an gCúirt Bhreac faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 850CD ag An Druipseach faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 5,500CD ag Cluain faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 4,500CD ag an nGeata Bán-Áth Fhada faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 2,400CD ag Lios Cúil Theas faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 98,000CD ag Cuan Íochtarach Chorcaí faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 558,000CD ag Carraig Ghrianáin faoin mbliain 2080
    • Acmhainn deiridh de 22,500CD ag Mainistir na Corann faoin mbliain 2080
  • Uasghrádú ar ICFU Charraig Thuathail: Le hacmhainn deiridh de 47,000CD faoin mbliain 2080 Áiríodh leis sin síneadh srutha éalaithe nua ag Loch Machan.
  • ICFU Bhaile an Chollaigh nua: Tógadh é sin lena chur in áit na saoráide atá ann cheana ag a bhfuil acmhainn deiridh de 72,000CD de chóireáil threasach. Coinneofar suíomh an tsrutha éalaithe mar atá sé. 

Tá tuilleadh eolais ar an gCur Chuige Molta do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí i gcuid 12 den dréacht-straitéis.

Conas aighneacht a chur isteach

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ar líne ANSEO

trí Ríomhphost: CWS@water.ie

tríd an bPost: Straitéis Fuíolluisce Chorcaí, Uisce Éireann, Bosca Oifige Poist 860, Oifig
Seachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí
Foirm Aiseolais: Déanfar an t-aiseolas go léir ó pháirtithe leasmhara a
athbhreithniú agus a mheas agus Straitéis Fuíolluisce Chorcaí á tabhairt chun críche againn.

Ceisteanna comhairliúcháin

  1. Shainaithníomar an gá le 16 Ionad Cóireála Fuíolluisce a dhíchoimisiúnú, 9 gcinn a uasghrádú agus 1 cheann amháin a athlonnú mar chuid den chur chuige molta. An bhfuil aon aiseolas agat ar an modheolaíocht a úsáideadh chun an cur chuige seo a chinneadh?
     
  2. Tugann Cuid 10 de dhréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí achoimre ar an modheolaíocht a úsáidtear chun roghanna féideartha a shainaithint agus a mheas do réitigh maidir le draenáil straitéiseach agus cóireáil fuíolluisce i Mórcheantar Uirbeach Chorcaí. Tá d’aiseolas ar an gcur chuige seo á lorg againn. An síleann tú go bhfuil an mhodheolaíocht láidir, trédhearcach, agus cuí chun na réitigh is féideartha agus is éifeachtaí a shainaithint?
     
  3. An bhfuil aon eolas eile ar cheart d’Uisce Éireann a mheas agus an Dréacht-Straitéis á forbairt?
     
  4. Tugann Cuid 12 de dhréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí achoimre ar an gCur Chuige Molta do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí, lena n-áirítear moltaí dá chur chun feidhme. Fáiltímid do thuairimí ar na moltaí seo. An bhfuil aon tráchtanna nó moltaí agat ar conas a chuirfear an straitéis chun feidhme?
     
  5. An bhfuil aon tuairimí agat faoi Thuarascáil Timpeallachta na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus faoi Ráiteas Tionchair Natura (RTN) a ghabhann le dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí?
     
  6. An bhfuil aon tuairimí breise ar mhaith leat a roinnt maidir le dréacht-Straitéis Fuíolluisce Chorcaí? 

 

 

Aighneachtaí

Téamaí

Eolas eile ar cheart d’Uisce Éireann a mheas agus an Dréacht-Straitéis á forbairt
An Cur Chuige Molta do Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí
Tuarascáil Timpeallachta na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN)
Modheolaíocht
Tuairimí breise

Litir Chlúdaigh (Roghnach)

Glac síntiús